Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 2:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Fad bhí sé in Iarúsailéim le linn féile na Cásca chreid a lán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a bhí á ndéanamh aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Anois nuair a bhí sé in Iarúsailéim ag féile na Cásca, chreid mórán ina ainm nuair a chonaic siad na comharthaí a mbíodh sé á ndéanamh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus nuair a bhí sé i n-Ierusalem lá na féile san Cháisc, chreid mórán ina ainm, nuair a chonnaic siad na míorbhailte a ghníodh sé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do chreid móran ’n‐a ainm, ó do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus ar mbeíth a Niérusalém dhó fá cháisg, lá an fhéusda, do chreideadar mórán an ainmsean, ag faicsin na gcomharthadh do rinne sé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:23
18 Tagairtí Cros  

Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.


Ansin a lán do na Giúdaigh a tháinig go Máire agus Marta agus a chonaic a ndearna sé, chreid siad ann.


Rinne Íosa an chéad cheann sin dá chomharthaí i gCána sa Ghailíl, agus thaispeáin sé a ghlóir agus chreid a dheisceabail ann.


Bhí Cáisc na nGiúdach in achmaireacht agus chuaigh Íosa suas go Iarúsailéim dá bhrí sin.


Tháinig an duine seo chuige san oíche agus dúirt leis: “Tá fhios againn, a raibí, gur oide thú a tháinig ó Dhia óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.”


Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.


Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.


Nuair a chonaic na daoine, mar sin, cad é mar chomhartha a bhí déanta ag Íosa, dúirt siad: “Is é seo go dearfa an fáidh atá le teacht ar an saol.”


Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.


Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”


Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.


Agus seo í an aithne a thug sé: go gcreidfimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá dá chéile, de réir mar a d'ordaigh seisean dúinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí