Eoin 18:10 - An Bíobla Naofa 198110 Bhí claíomh ag Síomón Peadar agus tharraing sé é, agus bhuail sé seirbhíseach an ardsagairt gur bhain an chluas dheas de. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)10 Ba ansin a tharraing Síomón Peadar an claíomh a bhí aige as a thruaill agus tharraing sé buille ar mhogha an ardsagairt agus ghearr sé an leath-cluas dheas anuas dá leiceann. Malcus ab ainm don mhogha. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara10 Ar an adhbhar sin, Síomon Peadar, a raibh claidheamh aige, tharraing sé amach é: agus bhuail sé seirbhíseach an árdshagairt: agus ghearr sé an chluas dheas de. Agus Malchus a b’ainm do’n tseirbhíseach. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)10 Annsin Síomón Peadar, go raibh claidheamh aige, do tharraing sé é, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, gur bhain sé an leath‐chluas dheas de. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)10 Ann sin Síomon Peadar, agá raibh cloidheamh do tharruing sé amach é, agus do bhuáil sé oglach an árdshaguirt, agus do ghearr sé a chlúas dheas de. Agus as é do bainm don óglach Malcus. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)10 Agus bhí claidheamh ag Símón Peadar, agus tharaing sé an claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árd-shagairt, agus bhain sé an chluas dheas de. Agus Malcus ab ainim do’n tseirbhíseach. Féach an chaibidil |