Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 17:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 “Tá dʼainm nochta agam do na fir a thug tú dom as an domhan; ba leat iad, agus thug tú dom iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 D’fhoillsigh mé d’ainm do na daoine a thug tú damh as an tsaoghal. Ba leat-sa iad, agus thug tú damh-sa iad: agus chongbhuigh siad do bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 D’fhoillsigheas t’ainm do na daoinibh thugais dom as an saoghal: ba leat‐sa iad, agus thugais damh‐sa iad; agus do chóimhéadadar do bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Dfoillsigh mé thainm do na dáoinibh thug tú dhamh as a tsáoghal: ba leachdsa íad, agus thug tú dhamhsa íad; agus do choimhéadadar do bhriathar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Do nochtas t’ainim do sna daoine a thugais dom as an saoghal; ba leat-sa iad, agus thugais dómh-sa iad; agus tá do bhriathar coimeádta acu.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 17:6
48 Tagairtí Cros  

Cuirim do bhriathar i bhfolach i mo chroí; sula ndéanfainn peaca ort.


Saor mé ó bhéal an leoin agus m'anam bocht ó adharca na ndamh allta.


Ach is chuige seo a lig mé duit maireachtáil: chun mo chumhacht a thaispeáint duit i dtreo go bhfoilseofaí m'ainm os comhair an tsaoil.


Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d'anam an t‑eolas,


Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.


Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d'aithris.


Athair, tabhair glóir do d'ainm!” Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”


Dá mba den saol sibh bheadh cion ag an saol ar a chuid féin. Ach de bhrí nach den saol sibh ach go ndearna mise sibh a thoghadh as an saol, uime sin atá fuath ag an saol daoibh.


Tá sibhse bearrtha de bharr an bhriathair a labhair mé libh.


Má fhanann sibh ionamsa agus má fhanann mo bhriathra ionaibh, iarrfaidh sibh cibé ní is mian libh agus déanfar daoibh é.


Fad a bhí mé faru, choinnigh mé iad i d'ainm - an t‑ainm a chuir tú faoi mo chúram, agus thug mé aire dóibh, agus níor imigh íde ar aon duine acu, ach ar mhac na híde, ionas go gcomhlíonfaí an scrioptúr.


Thug mé dóibh do bhriathar, agus thug an saol fuath dóibh, óir ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.


Ní den saol iad, faoi mar nach den saol mise.


faoi mar a thug tú cumhacht dó ar an uile dhuine, ionas, gach duine a thug tú dó, go dtabharfaidh sé an bheatha shíoraí dóibh.


A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.


Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”


Tá a fhios acu anois gur uaitse, gach ní dár thug tú dom;


chun go gcomhlíonfaí an focal a dúirt sé - “Na daoine a thug tú dom, níor chaill mé aon duine díobh.”


Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.


Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.


Amen, Amen, a deírim libh, má choinníonn aon duine mo bhriatharsa ní fheicfidh sé bás choíche.”


Dúirt na Giúdaigh leis: “Tá a fhios againn anois go bhfuil deamhan ionat. Tá Abrahám marbh agus na fáithe agus deir tusa: ‘Má choinníonn aon duine mo bhriatharsa, ní bhlaisfidh sé bás choíche.’


Bhí áthas ar na págánaigh an méid sin a chloisteáil agus bhí ardmholadh acu ar bhriathar an Tiarna; agus an méid acu a bhí réamhcheaptha don bheatha shíoraí, ghlac siad an creideamh,


Níor shéan Dia an pobal a bhí aitheanta aige ó thus mar a phobal féin. An é nach eol daoibh cad é a deir an scrioptúr sa trácht úd ag Éilias agus clann Iosrael á gcásamh aige le Dia:


An Dia a dúirt: “Bíodh solas ag lonradh as an dorchadas,” is é an Dia céanna é a chuir solas ag lonradh inár gcroí-ne d'fhonn eolas na glóire diaga ar chuntanós Chríost a chur ar ár súile dúinn.


Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.


An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa.


á rá: “Inseoidh mé d'ainm do mo bhráithre; molfaidh mé thú i lár na comhdhála,”


bhí Críost dílis freisin ach mar Mhac agus mar mháistir ar theaghlach Dé. Agus is sinne a theaghlach má choinnímid ár muinín agus ár móráil as ár ndóchas (daingean go dtí an deireadh).


Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa


Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n‑aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.


Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.


De bhrí gur choinnigh tú focal m'fhoighne, coinneoidh mise thusa ó uair an chathaithe, atá le teacht ar an domhan go léir, chun lucht áitrithe an domhain a phromhadh.


Is eol dom d'oibreacha. Féach! chuir mé doras ar leathadh romhat, nach féidir d'aon duine a dhúnadh, óir is beag é an neart atá agat ach choinnigh tú m'fhocal agus níor shéan tú m'ainm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí