Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 17:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Thug mise glóir duit ar talamh; tá an obair déanta agam a thug tú dom le déanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Tá tú glóirithe agam ar talamh, ó tá an obair, a thug tú dom le déanamh, críochnaithe agam;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Thug mise glóir duit ar an talamh: chríochnuigh mé an obair a thug tú damh le déanamh:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Thugas‐sa glóir dhuit ar talamh, ag críochnú na h‐oibre thugais dom le déanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Tug misi glóir dhuitsi ar a talamh: do chríochnuigh mé an obair thug tú dhamh té a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Do shoillsigheas-sa thú ar an dtalamh so; tá an obair déanta agam a thugais dom le déanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 17:4
13 Tagairtí Cros  

Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”


Athair, tabhair glóir do d'ainm!” Ansin tháinig guth ó neamh: “Thug mé glóir dó, agus tabharfaidh mé glóir dó arís.”


Cibé ní a iarrfaidh sibh i m'ainm déanfaidh mé é, i dtreo go dtabharfaí glóir don Athair tríd an Mac.


Ach caithfidh an saol a aithint go bhfuil grá agam don Athair, agus go ndéanaim de réir mar a d'ordaigh an tAthair dom. Éirígí, agus téimis as seo.


Má choinníonn sibh m'aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m'Athar, agus a fhanaim ina ghrá.


Tar éis an méid sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach ní déanta feasta, chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr, dúirt sé: “Tá tart orm.”


Tar éis dó an fínéagar a ghlacadh dúirt Íosa. “Tá sé curtha i gcrích.” Chrom sé a cheann agus thug uaidh a spiorad.


Dúirt Íosa leo: “Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.


Ach tá fianaise agamsa is mó ná fianaise Eoin. Óir na hoibreacha a thug m'Athair dom le cur i gcrích, na hoibreacha sin féin a dhéanaim, tugann siad fianaise gur chuir an tAthair uaidh mé.


D'fhreagair Íosa: “Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.


Ach ní fiú tráithnín liom mo bheatha dom féin chomh fada agus a thugaim mo chúrsa agus go gcomhlíonaim an dualgas úd a leag an Tiarna Íosa orm: fianaise a thabhairt ar dhea-scéal ghrásta Dé.”


Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí