Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 12:44 - An Bíobla Naofa 1981

44 Ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus dúirt: “An té a chreideann ionamsa, ní chreideann sé ionamsa, ach sa té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

44 Agus ghlaoigh Íosa os ard agus dúirt sé, “An té a chreideas ionam, ní hionamsa a chreideas sé ach sa té a chuir anseo mé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

44 Agus labhair Íosa de ghuth árd, agus dubhairt: An té a chreideas ionnam-sa, ní ionnam-sa a chreideas sé, acht san té a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

44 Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd agus adubhairt, An té chreideas ionnam‐sa ní h‐ionnam‐sa chreideas sé, acht san té do chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

44 Agus do labhair Iósa do ghuth ard, agus a dubhairt se, Gidh bé chreideas ionnamsa, ní hionnamsa chreideas sé, achd ann sa té do chuir úadh mé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

44 Ansan do labhair Íosa do ghuth árd, agus dubhairt sé: An t-é a chreideann ionam-sa, ní h-ionam-sa a chreideann sé ach san t-é a chuir uaidh mé.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 12:44
11 Tagairtí Cros  

Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna, agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;


Nach nglaonn an eagna? Nach n‑ardaíconn an tuiscint a glór?


“An té a ghlacann sibhse, glacann sé mise; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.


Dúirt Íosa leis: “Má fhéadann tú! - Is féidir an uile ní don té a chreideann.”


“Cibé duine a ghlacfaidh a leithéid seo de leanbh ar son m'ainm, glacann sé mise, agus cibé a ghlacfaidh mise, ní mise, ach an té a chuir uaidh mé, a ghlacann sé.”


Arna rá sin dó, ghlaoigh sé de ghlór ard: “A Lazaras, tar amach!”


Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”


Amen, Amen, a deirim libh, an té a éisteann le mo bhriathar, agus a chreideann an té a chuir uaidh mé, tá an bheatha shíoraí aige; ní thagann sé chun breithiúnais, ach tá sé dulta ó bhás go beatha.


Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall: “Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé, “agus is eol daoibh cad as dom; agus ní uaim féin a tháinig mé; ach is fíor é an té a chuir uaidh mé, agus níl aithne agaibhse air.


a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí