Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 11:31 - An Bíobla Naofa 1981

31 Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Nuair a chonaic na Giúdaigh, a bhí léi sa teach, Muire ag éirí agus ag imeacht chomh lúfar sin, lean siad í, ag síleadh go raibh sí ag dul go dtí an tuama le bheith ag caoineadh ansin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Na h-Iúdaigh, ar an adhbhar sin, a bhí i bhfochair Máire san tigh, agus ag tabhairt sóláis dí, nuair a chonnaic siad í ag éirghe fá dheifre, agus ag imtheacht amach, lean siad í, ag rádh: Is ag dul chun an tuamba atá sí, le caoineadh a dhéanamh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 Agus na h‐Iúdaigh do bhí i bhfochair Mháire sa tigh, ag déanamh sóláis dí, nuair do chonnacadar gur éirigh sí go tapaidh, do leanadar í, g‐á cheapadh gur ag dul chum an tuama do bhí sí, le caoineadh do dhéanamh ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Uime sin na Iúdaidhe de bhí a bhfochair Mhuire a stigh, dá comhfhurtachd, an tan do chunncadar, ag éirghe go tapuidh í agus ag dul amach, do leanadar í, ag rádh, Atá sí ag dul chum an túama do cháoineadh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 Agus na Iúdaigh a bhí sa tigh i bhfochair Máire, ag cur sóláis uirthi, nuair a chonacadar ag eirighe í agus ag imtheacht amach chómh h-obann, do leanadar í agus dubhradar: Ag dul chun an tuama atá sí, chun guil a dhéanamh ann.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:31
5 Tagairtí Cros  

Tháinig a chlann mhac agus a chlann iníonacha go léir chuige le sólás a thabhairt dó, ach ní ghlacfadh sé sólás ar bith, á rá: “Ní dhéanfaidh mé. Rachaidh mé síos ag sileadh na ndeor go Seól fara mo mhac.” Sin mar a chaoin a athair é.


Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár.


Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air,


Ach an duine spioradálta, féadann seisean gach ní a mheas ach ní féidir d'aon duine eisean a mheas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí