Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 11:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 “Tá a fhios agam,” arsa Marta leis, “go n‑éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Arsa Marta leis, “Tá a fhios agam go n‑éireoidh sé ar an aiséirí lá deiridh an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Deir Marta leis: Tá a fhios agam go n-éireochaidh sé arís san eiséirghe ar an lá deireannach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Adubhairt Marta leis, Atá a fhios agam go n‐éireochaidh sé arís san aiséirghe an lá deireannach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 A dubhairt Martá ris, Atá a fhios agam go néiréocha sé ann sa neiseirghe an lá déigheanach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Dubhairt Marta leis: Tá fhios agam go n-eireóchaidh sé sa n-aiseirighe an lá déanach.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 11:24
18 Tagairtí Cros  

Feicfidh mise, áfach, do aghaidh i bhfíréantacht, agus ag dúiseacht dom sásófar mé le radharc do ghnúise.


cuirfidh sé an bás ar ceal go deo. Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir; tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile; óir is é an Tiarna a dúirt é.


Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.


Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.


Cuirfidh sé anam arís ionainn i gceann dhá lá, ar an tríú lá cuirfidh sé inár seasamh sinn arís, ionas go mairfimid os a chomhair.


agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”


Dúirt Íosa léi: “Éireoidh do dheartháir arís.”


Agus is é seo toil an Athar a chuir uaidh mé, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom, ach go dtógfainn suas é an lá deireanach.


Óir is é seo is toil leis an Athair a chuir uaidh mé, gach duine a fheiceann an Mac agus a chreideann ann, go mbeadh an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.”


Agus tá an dóchas céanna as Dia agam atá acu féin, is é sin go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.


Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí