Eoin 1:39 - An Bíobla Naofa 198139 “Tagaigí agus feicigí,” ar sé leo. Tháinig siad dá bhrí sin agus chonaic siad cá raibh cónaí air, agus d'fhan siad fairis an lá sin. Bhí sé timpeall an deichiú huair. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)39 Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus dʼfhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara39 Deir sé leo: Taraigidh agus feicigidh. Tháinic siad, agus chonnaic siad cá gcómhnuigheadh sé agus d’fhan siad aige an lá sin: agus bhí sé tuairim agus an deicheadh h-uair. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)39 Adubhairt sé leo, Tagaidh, agus do‐chífidh sibh. Thángadar, mar sin, agus do chonnacadar an áit ’n‐a raibh sé ’n‐a chómhnaidhe; agus d’fhanadar ’n‐a fhochair an lá sin: do bhí sé tuairim na deicheamhadh h‐uaire. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)39 A dubhairt sé riú, Tigidh agus féuchaidh. Tangadar agus do chunncadar an tionad a gcomhnuigheadh seisean, agus dfanadar aige an lá sin: do bhí an úair sin timcheall a deich. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)39 Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair. Féach an chaibidil |