Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 7:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Tá an uair tagtha, an lá ar láimh. Ná gairdíodh an ceannaí agus ná caoineadh an díoltóir; táthar i bhfearg leo go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Tháinic an tam, atáid na láethe ag teacht a bhfogus: ná gáirdighéadh an ceannuighe, ná caóigheadh an reacaire: óir atá fearg air a iomadamhlacht uile.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 7:12
17 Tagairtí Cros  

“Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaí ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.


Is é freagra an fhir fhaire: “Chugainn an mhaidin, agus an oíche arís ina diaidh. Más gá daoibh fiafraí, bígí ag fiafraí; ach iompú thart is gá daoibh, agus filleadh.


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Abair leo, dá bhrí sin: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuirfidh mise deireadh leis an seanfhocal seo agus ní bhainfidh siad feidhm as mar sheanfhocal níos mó in Iosrael.’ Ach abair leo: ‘Tá na laethanta ar láimh agus cuirfear gach fís i gcrích.


Óir tá an lá ar láimh, tá lá an Tiarna ar láimh; lá dorcha, scamallach a bheidh ann, deireadh ré do na ciníocha.


“Ag seo an lá! Féach é ag teacht! Tá do shealsa buailte leat; tá an sciúirse réidh agus an díomas in ard a réime.


Faraor! Cad é mar lá! Óir, tá lá an Tiarna in achmaireacht agus is mar spréach ón spéir a theacht.


Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí