Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 7:11 - An Bíobla Naofa 1981

11 Tá an foréigean fásta mar sciúirse na hurchóide; ní mhairfidh aon duine díobh, ná a bhflúirse, ná a rachmas; agus ní bheidh teacht ar oirearcas ina measc.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Déirigh an foiréigion súas go slait a nuilc: ní mhairfidh áon díobh, nó dá niomadamhlacht, nó dá ccomhdháil: ní mo bhías cumha ar a son.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 7:11
28 Tagairtí Cros  

Óir ní fhanfaidh ríshlat na n‑éagráifeach ar fhearann na bhfíréan, sula ndéanfadh na fíréin a lámha a iompú chun oilc.


Bíonn siad ag fonóid is ag labhairt go mailíseach agus beartaíonn siad an t‑ansmacht go huaibhreach.


Thit a gcuid sagart leis an gclaíomh; agus ní dhearna a mbaintreacha a gcaoineadh.


Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.


Óir, fíonghort Thiarna na slua, is é teaghlach Iosrael é, agus is iad muintir Iúdá an planda is rogha leis ann. Bhí sé ag dréim le riar ceart agus seo fuilbheart, le fíréantacht agus seo caoi léanmhar.


Óir gach coisbheart catha, agus gach fallaing a tumadh san fhuil, tá siad loiscthe, tá siad dóite le tine.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’


“Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.


Amhail mar a choinníonn tobar a uisce úr, coinníonn sise a mailís úr. Foréigean agus milleadh a bhíonn le clos inti; i mo fhianaise i gcónaí bíonn galair agus cneácha.


Coscfaidh mé guth an tsubhachais agus na lúcháire, glór an fhir nuaphósta agus na brídeoige i mbailte Iúdá agus i sráideanna Iarúsailéim, óir déanfar fásach den dúiche ar fad.”


“Seo mar a deir an Tiarna Dia: Go mba leor libh é seo, a phrionsaí Iosrael! Éirígí as an láimh láidir agus as an ansmacht; cuirigí an chóir agus an fhíréantacht i bhfeidhm; ná brúigí ar mo phobal níos mó le tobhach cíosa - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Uime sin, dar mo bheatha - an Tiarna Dia a labhraíonn - chomh cinnte agus a thruailligh sibh mo shanctóir le bhur n‑uile uafás agus bhur n‑imeachtaí gránna uile, gearrfaidh mé anuas sibh gan anacal gan trócaire.


Díobh seo arís glac beagán, teilg sa tine agus dóigh inti iad; as sin a thiocfaidh an tine amach. [Abair le] muintir Iosrael uile:


Seo mar a deir an Tiarna Dia: “Buail bosa, buail cosa ar an talamh agus abair: Mo léan, ar son imeachtaí gránna uile mhuintir Iosrael; óir titfidh siad leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá.


Agus má théann aon chuid acu slán, beidh siad ar na sléibhte amhail coilm na ngleannta, an t‑iomlán acu ag caoineadh, gach duine i dtaobh a pheacaí féin.


“A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia le tír Iosrael: Tá deireadh tagtha, deireadh le ceithre aird na tíre.


“Déan slabhra duit féin; óir tá an tír lán de choireanna fuilteacha agus an chathair lán d'fhoréigean.


Dúirt sé liom ansin: “An bhfuil seo feicthe agat, a mhic an duine? Nach bhfuil sé suarach go leor ag muintir Iúdá go mbíonn a leithéid d'imeachtaí gránna ar siúl acu anseo, go líonann siad an tír le foréigean agus go ngríosaíonn siad chun tuilleadh feirge mé? Féach, cuireann siad an chraobh lena srón.


“Níl aon chiall do chothrom na féinne acu,” a deir an Tiarna, “ach líonann siad a bpáláis leis an gcreach a fuair siad le foréigean agus le slad.”


Sibhse a mheasann an drochlá a chur ar cairde, is ag luathú réim an uafáis chugaibh féin atá sibh!


Santaíonn siad goirt agus gabhann siad iad; cuireann siad a ndúil i dtithe agus glacann siad seilbh orthu; déanann siad éagóir ar dhuine agus coigistíonn siad a theach; creachann siad duine eile agus baineann siad de a oidhreacht.


a alpann feoil mo phobail; is a bhaineann a gcraiceann díobh; a bhriseann a gcnámha agus a ghearrann ina bpíosaí iad mar fheoil i gcorcán nó mar chonablach i gcoire.


a bhfuil a lucht saibhris lán den fhoréigean agus a mbíonn a háitritheoirí ag insint bréag (is mealltach í an teanga atá ina mbéal acu).


Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.


Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí