Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 5:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 In éiric bhur n‑imeachtaí gránna déanfaidh mé oraibh nithe nach ndearna mé riamh agus nach ndéanfaidh mé choíche arís.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do dhéana mé ionnad an ní nach déarna mé, agus nach déana mé a leithéid ní sa mhó, do bhrígh huile ghráineamhlachtsa.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 5:9
7 Tagairtí Cros  

Is mó pionósú mo phobail ionúin ná smachtú Shodom, a scriosadh ar an toirt gan aon duine a leagan lámh uirthi.


B'ámharaí iad siúd a maraíodh le claíomh ná iad siúd a fuair bás den ghorta, a bhíodh á snoí agus á n‑ídiú go mall righin cheal torthaí na talún.


Ansin tuigfidh siad gur mise an Tiarna, nuair a bhánóidh agus léirscriosfaidh mé an tír mar gheall ar na cionta gránna go léir a rinne siad.”


Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.


mar beidh trioblóid mhór an uair sin ann nach raibh a leithéid riamh ann ó thus an domhain agus nach mbeidh go deo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí