Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 48:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 “Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Biáidh a nofráil do bhéarthaoi don TIGHEARNA cúig míle fhithchiod ar fad, agus deich mile ar leithiod.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 48:9
5 Tagairtí Cros  

Ní bheidh aon oidhreacht acu; mise a n‑oidhreacht. Ní thabharfaidh sibh aon ghabháltas dóibh in Iosrael; mise a ngabháltas.


“Nuair a roinnfidh tú an tír mar oidhreacht trí chrannchur, cuirfidh tú roinn ar leataobh don Tiarna mar thalamh naofa, cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus [fiche] míle banlámh ar leithead. Beidh iomlán na talún seo naofa.


Is do na sagairt an roinn choisricthe seo a bheidh cúig mhíle banlámh is fiche ar an taobh thuaidh, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thiar, deich míle banlámh ar leithead ar an taobh thoir agus cúig mhíle banlámh is fiche ar fad ar an taobh theas. Beidh sanctóir an Tiarna i lár báire.


Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.


Bhíodarsan ag Sileo i dtír Chanán. Dúirt siad leo: “D'ordaigh an Tiarna trí Mhaois cathracha a thabhairt dúinn le cónaí iontu, agus an talamh timpeall orthu mar fhéarach dár n‑eallach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí