Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 48:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ar aon teorainn le Iúdá, anoir siar, tá roinn a chuirfidh sibh ar leataobh, cúig mhíle banlámh is fiche ar leithead agus ar aon fhad leis na ranna eile anoir siar. Beidh an sanctóir i lár báire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Agus laimh ré téoruinn Iúdah, ón taóibh shoir gus an ttaóibh shíar, do budh í sin a nofráil noch ofráilfidhe don chúig mhíle fhithchiod slat ar leithead, agus air fad amhuil cuid do na codchaibh oile, ón taóibh shoir gus an ttaóibh shíar: agus biáidh an tsanctóir iona lár.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 48:8
13 Tagairtí Cros  

Gáirigí le háthas agus liúirigí, sibhse a bhfuil cónaí oraibh i Síón, óir is mór le rá é in bhur measc Neach Naofa Iosrael.”


Is don phrionsa fuílleach na roinne naofa agus thalamh na cathrach. Sínfidh sé ón gcúig mhíle banlámh is fiche den roinn naofa soir agus ón gcúig mhíle banlámh is fiche siar ar aon teorainn le ranna na dtreibheanna; is don phrionsa é. Beidh an roinn naofa agus sanctóir an Teampaill i lár baire.


Imlíne na cathrach ocht míle dhéag banlámh agus ainm na cathrach as seo amach: ‘Tá an Tiarna inti.’ ”


“Cuirfidh sibh ar leataobh don Tiarna cúig mhíle banlámh is fiche ar fad agus fiche míle banlámh ar leithead.


Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha


Ní fhaca mé teampall inti, óir is é an Tiarna Dia Uilechumhachtach, agus an tUan, is teampall aici.


Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.


Ní bheidh aon ní faoi mhallacht feasta, ach beidh ríchathaoir Dé agus an Uain sa chathair, agus adharfaidh a sheirbhísigh é,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí