Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 48:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “Seo iad ainmneacha na dtreibheanna. Ar an taobh thuaidh bealach Heatlon go béal Hamát isteach fad le Hazaer Éineon atá ar theorainn thuaidh na Damaisce os comhair Hamát, ag síneadh anoir siar, roinn amháin do Dhán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Anois isiad so anmanna na ttreabh. On chionn thuáigh go cósda shlighe Hetlon, mar théid duine go Hamat, Hasar‐enan, téora Dhamascus don leath thuáigh, go cósda Hamat; (óir is íad so a tháobha soir agus síar;) cuid ronna do Dhan.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 48:1
16 Tagairtí Cros  

Dúirt an rí le Ióáb agus leis na hoifigigh shinsir den arm a bhí in éineacht leis: “Imígí libh anois i measc treibheanna Iosrael ó Dhán go Béar Seaba agus déanaigí daonáireamh; is mian liom a fhios a bheith agam cad é líon an phobail.”


“Seo mar a deir an Tiarna Dia. Seo iad na teorainneacha lena roinnfidh sibh an tír mar oidhreacht ar dhá threibh dhéag Iosrael, ag tabhairt dhá roinn do Iósaef.


Ar an taobh thiar beidh an Fharraige Mhór mar theorainn fad le bealach Hamát. Sin é an teorainn thiar.


Tabharfaidh sibh a n‑oidhreacht don choimhthíoch de réir na treibhe lena gcónaíonn sé - an Tiarna Dia a labhraíonn.”


Sin í oidhreacht threibh chlann Dhán de réir a bhfiní, na cathracha sin lena sráidbhailte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí