Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 39:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Marófar thú ar shléibhte Iosrael, tú féin, do shlua uile agus na ciníocha leat. Tabharfaidh mé suas mar bhia thú d'éin chreiche de gach sórt agus d'ainmhithe allta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Tuitfidh tú ar shléibhtibh Israel, thú féin, agus do bhannadha uile, agus na daóine atá leat: do bhéara mé déunuibh cíocracha do nuile shórt, agus do bheathachaibh an mhachaire dot shlugadh thú.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 39:4
14 Tagairtí Cros  

Thug Tiarna na Slua a mhionn air, á rá: “Cinnte! Díreach mar a thuar mé, is amhlaidh a thiocfaidh isteach. An rud a shocraigh mé, is é a chuirfear i gcrích:


An Asaír a bhriseadh i mo dhúiche féin, í a bhascadh ar mo shléibhte. Sleamhnóidh a cuing díbh, sleamhnóidh a hualach de bhur ngualainn.’


“Ceithre soirt oidhe a dháilim dóibh: an claíomh do mharú, na madraí do réabadh, éanlaith an aeir agus ainmhithe na talún do shlogadh agus do dhíothú.


“Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.


Caithfidh mé amach san fhásach thú, tú féin agus éisc uile do shruthán; titfidh tú ar mhachaire lom, gan do chruinniú le chéile ná do chur sa talamh. Tabharfaidh mé mar bhia thú do bheithígh an mhachaire agus d'éanlaith an aeir,


“Abair seo leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dar mo bheo, na daoine atá san fhásach titfidh siad cinnte leis an gclaíomh; an fear ar an mblár folamh tabharfaidh mé do na hainmhithe allta é lena alpadh; éagfaidh lucht na ndaingean agus na bpluaiseanna leis an bplá.


Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.


Cuirfidh mé gach [sórt uafáis] ina bhealach - an Tiarna Dia a labhraíonn - beidh claíomh gach fir ag fealladh ar a chéile.


Titfidh tú ar an machaire lom. Mise a dúirt - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh, sleánna ag drithliú... sluaite gonta, na mílte marbh, coirp gan áireamh a bhaineann tuisle as cách!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí