Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 38:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé i do choinne, a Ghóg, a ardphrionsa Mheisic agus Thúbál.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus abair, Is marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, atáimsi ad aghaidh, a Ghog, áirdphrionnsa Mhesech agus Túbal:

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 38:3
8 Tagairtí Cros  

Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach; i bpubaill Chéadar.


Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: “Ar an ábhar gur labhair sibh go díomhaoin agus go bhfaca sibh bréaga, féach, tá mise in bhur gcoinne - an Tiarna Dia a labhraíonn.


Labhair agus abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mise i d'aghaidh, a Fhorainn, a rí na hÉigipte, a chrogaill mhóir, ag únfairt i lár srutháin na Níle, a deir: ‘Is liomsa féin an Níl, mise a rinne [í].’


“Tá Meisic agus Túbál ansin agus a gcomhluadar uile agus a n‑uaigheanna thart timpeall, gach duine acu gan timpeallghearradh, arna thitim leis an gclaíomh; óir bhí tír na mbeo ar uafás rompu.


Abair leis: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, a Shliabh Shaeír, tá mé i do choinne agus sínfidh mé mo lámh amach i do choinne; fágfaidh mé i do fhásach léirscriosta thú.


“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Ghóg, i dtír Mhágóg, ardphrionsa Mheisic agus Thúbál, agus tairngir ina choinne.


Casfaidh mé thart thú agus cuirfidh mé duáin i do ghialla; tarraingeoidh mé liom thú féin agus do shlua airm uile idir chapaill agus mharcaigh, agus iad go léir i gcath éide iomlán, tóstal mór ag iompar lúireach agus cruinnsciath, agus ag beartú claimhte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí