Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 32:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Fliuchfaidh mé le do shruth fola an talamh fad leis na sléibhte; agus beidh na claiseanna lán díot.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Fliuchfa mé fós led fhuil an talamh iona snáidhionn tú, nó go rabhuid na sléibhte; agus bíaid na aibhneacha líonta dhíot.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 32:6
7 Tagairtí Cros  

Mar seo a deir an Tiarna: Tabharfar le fios duit ar an gcuma seo gur mise an Tiarna: leis an tslat seo i mo láimh buailfidh mé uisce na habhann agus déanfar fuil de.


Tá a gcuid marbhán á gcartadh amach, agus boladh ag éirí óna gcoirp; tá a gcuid fola ina slaoda ar na sléibhte;


Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta, in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan. Tá a dtalamh siúd múchta le fuil, agus a gcréafóg á leasú le geir.


dá bhrí sin, dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - tabharfaidh mé suas chun fola thú agus leanfaidh fuil thú. De bhrí gur ciontach thú i ndoirteadh fola dearbhaím go dtiocfaidh doirteadh fola suas leat.


Líonfaidh mé a shléibhte le corpáin; an dream a maraíodh leis an gclaíomh titfidh siad ar do chnoic, i do ghleannta agus i d'uile chumar.


Agus pasáileadh an chantaoir lasmuigh den chathair, agus sceith fuil as an gcantaoir go sriana na n‑each, agus sin míle sé chéad staid ó bhaile.


Óir dhoirt siad fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil le hól dóibh. A chonáchsan orthu!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí