Eizicéil 26:21 - An Bíobla Naofa 198121 Déanfaidh mé uafás díot; ní mhairfidh tú níos mó. Cé go mbeifear ar do lorg ní bheidh teacht ag aon duine ort choíche arís - an Tiarna Dia a labhraíonn.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 Do dhéana mé úathbhás díot, agus ní bhiáidh tú ann ní sa mhó: bíodh go níarrfuighear thú, gidheadh ní bhfuighthear a rís choidhche thú, a deir an Tighearna DIA. Féach an chaibidil |
Óir is mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé uafás díot, tú féin agus do chairde uile; titfidh siad le claíomh a naimhde; feicfidh do shúile féin é sin. Tabharfaidh mé Iúdá uile freisin i láimh rí na Bablóine; tabharfaidh sé i mbraighdeanas iad chun na Bablóine agus maróidh sé iad leis an gclaíomh.