Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 24:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Chun mo chuthach a ghríosú, chun cúiteamh a bhaint amach, d'fhág mé a fuil ar charraig lom ionas nach i bhfolach a bheadh sí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Chor go ttiubhradh sé fa déara fearg do theacht a níos do dhéanamh dioghaltais; do shuighidh misi a fuil air mhullach cairge, chor nach bhféadfuidhe a fholach.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 24:8
23 Tagairtí Cros  

mar thréig siad mise agus dhóigh siad túis do dhéithe eile do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg ar lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhúchadh.


agus chomh maith de bharr gach a raibh d'fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.


mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhuchadh.


Óir féach, tá an Tiarna ag teacht as a áras amach chun a n‑urchóid a aifirt ar mhuintir an domhain go léir. Tá an talamh chun an fhuil a doirteadh air a aiseag, agus ní choinneoidh sé a chuid marbh faoi chlúdach níos mó.


Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.


Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Doirtfear mo fhearg agus mo chuthach ar an áit seo, ar dhuine agus ar ainmhí, ar chrainn na tuaithe agus ar thorthaí na talún; loscfaidh sé agus ní mhúchfar é.”


Tá tú ciontach as an bhfuil a dhoirt tú, thruailligh tú thú féin sna híola a rinne tú. Thug tú ar do lá druidim leat, tá ceann scríbe do shaoil ar láimh. Uime sin, rinne mé ábhar masla díot os comhair na gciníocha agus ceap magaidh os comhair na dtíortha go léir.


Ach daorfaidh na fíréin iad mar bhanadhaltranaigh agus mar bhanmharfóirí, de bhrí gur banadhaltranaigh iad agus go bhfuil fuil ar a lámha.”


“Mar seo a scaoilfidh mé le mo fhearg agus a ídeoidh mo chuthach orthu. Agus nuair a bheidh mo chuthach ídithe orthu tuigfidh siad ansin gur mise, an Tiarna, a labhair le barr éada.


Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach.


óir is de réir na breithe a thugann sibh a thabharfar breith oraibh, agus is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh.


Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.


á rá: “Is mairg di, is mairg don chathair mhór, í siúd a bhí gléasta i línéadach mín, i gcorcra is i scarlóid, agus órmhaisithe le hór agus le cloch lómhar agus le péarlaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí