Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 24:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 “Uime sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach, don phota meirgeach nach bhfuil a mheirg inghlanta! Taosc é greim ar ghreim gan crainn a chaitheamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; A mhairg don chathruigh fhuiltigh, don phota aga bhfuil an scim ann, agus nach deachaidh a scim as amach! tabhair amach é píosa air phíosa; ná tuiteadh crannchair ar bhith air.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 24:6
33 Tagairtí Cros  

Bhris sé freisin ar na Móábaigh agus chuir d'iallach orthu luí ar an talamh agus thomhais sé iad le téad; thomhais sé fad dhá théad le cur chun báis, agus téad iomlán eile le hanacal. Thug na Móábaigh géillsine do Dháiví agus d'íoc cáin leis.


Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.


Tharla sé seo go léir do Iúdá de bharr [fhearg] an Tiarna; bheartaigh seisean iad a chaitheamh as a radharc de bharr pheacaí Mhanaise agus gach a ndearna sé,


agus chomh maith de bharr gach a raibh d'fhuil neamhchiontach doirte aige agus Iarúsailéim á líonadh aige ó cheann ceann le fuil neamhchiontach. Ní raibh maithiúnas le fáil ón Tiarna.


Bíodh go nífeá thú féin i mbuac agus go dtógfá chugat mórán gallúnaí, bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire - is é an Tiarna Dia a labhraíonn.


Séideann na boilg go fíochmhar go ndéana an tine an luaidhe a dhó. Is díomhaoin don fhear leáite a shaothar, ní ghlantar an conamar as.


Ní bheidh an chathair seo ina coire agaibh ná sibhse in bhur bhfeoil istigh; gearrfaidh mé pionós oraibh ar thalamh Iosrael,


na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’


Glactar breabanna ionat chun fuil a dhoirteadh; baineann tú brabús agus sochar amach agus tagann i dtír le foréigean ar an gcomharsa. Tá mise dearmadta glan agat - an Tiarna Dia a labhraíonn.


“A mhic an duine, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt, an toil leat breithiúnas a thabhairt ar an gcathair dhúnmharfach? Inis a himeachtaí gránna di mar sin.


Tá na taoisigh léi istigh amhail mic tíre ag réabadh na creiche, ag doirteadh fola, ag marú daoine lena stór a ghoid.


Abair: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá an chathair ag cur fola taobh istigh di féin leis an sprioclá a bhrostú! Tá íola á ndéanamh aici lena truailliú féin!


Inis fáthscéal don dream ceannairceach seo agus abair leo: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cuir an pota síos, Cuir síos é agus doirt uisce ann.


“Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Is mairg don chathair fhuilteach! Déanfaidh mise craos tine.


Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh, fuil agus tine agus colúin deataigh.


An lá a sheas tú i leataobh an lá a rug strainséirí a mhaoin leo, agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach, agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn, ba gheall le duine díobh thú.


Dúirt foireann na loinge le chéile ansin: “Téanaigí; caithimis crainn chun a fháil amach cé air a chuirfimid milleán na tubaiste seo atá tar éis teacht orainn.” Mar sin de, chaith siad crainn agus thit an crann ar Ióna.


Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.


Is mairg do chathair na fola, atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creach agus nach bhfuil teorainn leis an slad a dhéanann sí,


Ach ina dhiaidh sin féin tugadh chun siuíl í; d'imigh sí léi i mbraighdeanas; rinneadh deargár ar a páistí chomh maith ag cúinní na sráideanna uile; cuireadh a daoine uaisle ar chrainn agus ceanglaíodh a fir cháiliúla le slabhraí.


chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.


Bíodh sluasaid agat ar do chuid airm, agus nuair a théann tú amach ag déanamh do ghnó, déan poll leis an tsluasaid seo, agus cas timpeall agus clúdaigh do chac.


Ansin dúirt Iósua: “Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.”


Agus chonaic mé an bhean agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil finnéithe Íosa. Arna feiceáil dom ghabh ionadh thar na bearta mé.


Fuarthas inti fuil na bhfáithe agus na naomh go léir agus a bhfuil úd uile a básaíodh ar talamh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí