Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 22:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Is beag ort mo shanctóirí, truaillíonn tú mo shabóidí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Do tharcuisnigh tú mo neithe naomhthasa, agus do bhris tú mo shaóire.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 22:8
10 Tagairtí Cros  

Ach d'éirigh muintir Iosrael amach i mo choinne san fhásach; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, ach dhiúltaigh siad do mo dheasghnátha a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, agus thruailligh siad mo shabóidí go mór. “Shocraigh mé ansin go ndoirtfinn mo dhíoltas anuas orthu san fhásach á léirscrios.


Naomhaígí mo shabóidí ionas go mba chomhartha iad idir mise agus sibhse, ionas go dtuigfidh sibh gur mise, an Tiarna, bhur nDia.


Ach d'éirigh an chlann amach i mo choinne; níor shiúil siad de réir mo reachtanna, níor chomhlíon siad mo dheasghnátha go cúramach a bhfuil beatha an duine ag brath ar a gcomhlíonadh, thruailligh siad mo shabóidí. “Shocraigh mé ansin mo dhíbheirg a dhoirteadh anuas orthu agus mo chuthach a ídiú orthu san fhásach.


de bhrí nár chomhlíon siad mo dheasghnátha ach gur dhiúltaigh siad do mo reachtanna agus gur thruailligh siad mo shabóidí agus go raibh lán na súl á bhaint acu as íola a n‑aithreacha.


Bhris a sagairt mo dhlí agus thruailligh siad mo shanctóirí. Ba chuma leo rud a bheith naofa ná coitianta, níor theagasc siad an difear idir glan agus neamhghlan, rinne siad neamhshuim de mo shabóidí sa chruth go bhfuil mé maslaithe eatarthu.


Coimeádaigí mo shabóidí agus bíodh urraim agaibh do mo shanctóir. Mise an Tiarna.


Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: ‘Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí