Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 18:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Cad chuige a n‑aithriseann sibh an seanfhocal seo faoi thír Iosrael: D'ith a n‑aithreacha caora searbha; agus tá déistin ar fhiacla na clainne?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Cred is cíall dibh, as a ngnáthuighthi an seanrádhso a ttáobh thire Israel, ag rádh, A dúadar na haithre cáora searbha, agus do cuireadh déistion air fhíacluibh na cloinne?

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 18:2
21 Tagairtí Cros  

Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.” Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!


Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,


Cén ceart atá agaibh chun mo phobál a bhascadh, agus aghaidh na mbochtán a bhrú?” Is é sin fáistine Thiarna Dia na Slua.


Déanfaidh mé díol uafáis díobh i radharc ríochtaí uile an domhain, mar gheall ar Mhanaise, mac Hiziciá, rí Iúdá, agus na míghníomhartha a rinne sé in Iarúsailéim.


Pheacaigh ár n‑aithreacha; ach níl siadsan ann níos mó; is orainne a agraítear a gcionta.


“A mhic an duine, cad é an seanfhocal úd atá agaibh i dtír Iosrael a deir: ‘Éiríonn na laethanta fada agus tagann deireadh le gach fís’?


“Lucht seanfhocla a chur trí chéile inseoidh siad an seanfhocal seo fútsa: Ba dual máthar di.


“Abair leis an dream ceannairceach sin: ‘Nach dtuigeann sibh cad is ciall leis na nithe seo?’ Inis dóibh: Féach, tháinig rí na Bablóine go Iarúsailéim; ghabh sé an rí agus na prionsaí agus thug leis iad chun na Bablóine.


Tháinig briathar an Tiarna chugam arís:


“Deir sibh: ‘Cad chuige nach n‑iompraíonn an mac peacaí an athar?’ Má ghéilleann an mac don dlí agus don cheart agus mo dheasghnátha a chomhlíonadh go cúramach, mairfidh sé gan amhras.


“Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní bheidh an seanfhocal seo sa chaint a thuilleadh eadraibh in Iosrael.


Abair leis na hAmónaigh: Éistigí le briathar an Tiarna Dia. Seo mar a deir an Tiarna: De bhrí go ndúirt tú: ‘Há! Há!’ ag baint sult as truailliú mo shanctóra, as bánú thír Iosrael agus as deoraíocht mhuintir Iúdá;


Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’


abair leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Féach, tá mé chun bata Iósaef, atá i lámha Eafráim, a thógáil, agus clanna Iosrael atá i gcomhar leis; agus táthóidh mé le bata Iúdá é. Déanfaidh mé bata amháin astu ionas go mba aon iad i mo láimhse.’


Cuirfidh siad fúthu mar ar chuir bhur n‑aithreacha fúthu, sa tír a thug mé do mo sheirbhíseach, Iacób. Cónóidh siad ansin go brách, iad féin, a gclann agus clann a gclainne. Beidh mo sheirbhíseach, Dáiví, ina rí orthu go brách.


“A mhic an duine, seo mar a deir an Tiarna Dia le tír Iosrael: Tá deireadh tagtha, deireadh le ceithre aird na tíre.


Deirim libh go fírinneach, tiocfaidh an méid sin uile anuas ar an nglúin seo.


Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí