Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 13:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 An amhlaidh nach baoth an fhís a chonaic sibh agus nach bréagach an tairngreacht nuair a deir sibh: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; nuair nár labhair mé ar chor ar bith?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Nach bhfacabhair fis díomhaóin, agus nach ar labhrabhair tairrghire bhréagach, an tionad a nabarthaói, A dubhairt an TIGHEARNA é; bíodh nar labhair mé?

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 13:7
7 Tagairtí Cros  

Thuig mé agus chonaic mé nach amhlaidh a chuir Dia é le hé sin a rá, ach gur fhógair sé an t‑oracal sin orm mar go raibh Tóibíá [agus Sanballat] á dhíol,


Deir siad le lucht físe: “Ná bíodh físeanna agaibh”, agus leis na fáithe: “Ná tuaraigí an ceart dúinn”. “Déanaigí plámas linn, bíodh físeanna mealltacha agaibh dúinn;


Bíonn físeanna baotha agus tairngreachtaí bréige acu agus deir siad: ‘Is é an Tiarna a labhraíonn’; cé nach é an Tiarna a chuireann uaidh iad; agus iad ag súil leis ina ainneoin sin go bhfíorófar a mbriathra.


[Dhathaigh] a fáithe na coireanna seo le brat aoil, lena bhfíseanna baotha agus a dtairngreachtaí bréige, ag rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna Dia’; nuair nár labhair an Tiarna ar chor ar bith.


Óir, rinne na híola tí tairngreachtaí éithigh, agus chonaic an lucht fáistine físeanna falsa; bíonn na taibhrimh ag réamhfhógairt na baoise agus ag tabhairt sóláis bhréige. Dá dheasca sin uile, táthar imithe chun fáin mar thréad caorach agus iad á gcrá cheal aoire.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí