Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
Is mar seo a labhraíonn an Tiarna i dtaobh na bhfáithe a chuireann mo phobal ar seachrán; fad a bhíonn rud éigin le cogaint acu fógraíonn siad síocháin ach fearann siad cogadh naofa ar an té nach gcuireann dada ina mbéal.
mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.
ainneoin na mbráithre bréige a tugadh isteach faoi choim. Shleamhnaigh siad san isteach le spiaireacht a dhéanamh ar an tsaoirse atá againn i gCríost, chun sinn a chur i ndaoirse;
Ní bheimid inár naíonáin feasta, dár luascadh i measc na dtonn agus dár gcaitheamh anonn agus anall ag gach leoithne theagaisc dá séideann le cealg dhaoine agus a chlisteacht atá siad chun duine a sheoladh ar a aimhleas.
Gabhadh an beithíoch agus, in éineacht leis, an fáidh bréige, an té a rinne comharthaí os a chomhair lenar mheall sé an dream a ghlac marc an bheithígh agus a shléacht le hómós dá dhealbh. Teilgeadh iad araon ina steillbheatha isteach sa linn tine ar lasadh le ruibh.