Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eizicéil 12:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tógfaidh tú an mála taistil ar do ghualainn os a gcomhair agus tabharfaidh tú amach é sa dorchadas. Clúdóidh tú d'aghaidh ionas nach bhfeicfidh tú an talamh; óir rinne mé comhartha díot do mhuintir Iosrael.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ann a radharcsan bhearas tú leachd é air do ghuáillibh, agus iomchóra tú amach é annsa tráthnóna: foileocha tú haghaidh, chor nach bhfaicfe tú an talamh: óir do chuir misi mar chomhartha do thigh Israel thú.

Féach an chaibidil Cóip




Eizicéil 12:6
12 Tagairtí Cros  

Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.


Le titim na hoíche mar sin d'éiríodar agus chuireadar chun bóthair i dtreo longfort na nArámach; ach nuair a thángadar go himeall an champa ní raibh caonaí ann.


Dóibh go léir, sí an mhaidin an tráth is dorcha, Mar is eol dóibh a huafáis.


Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom, is tuar agus mana sinn in Iosrael ó Thiarna na Slua, a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.


Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.


Tochail tríd an mballa os a gcomhair agus amach leat tríd.


Beidh Eizicéil ina chomhartha daoibh. Déanaigí de réir mar rinne seisean. Nuair a thitfidh seo amach tuigfidh sibh gur mise an Tiarna Dia.’


Glac chugat oigheann iarainn agus suigh é mar bhalla iarainn idir tú féin agus an chathair; agus iompaigh ina treo agus bíodh sí faoi léigear agus tusa ag brú an léigir. Is comhartha é seo do mhuintir Iosrael.


Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.


Chuir Sól bréagriocht air féin agus malairt éide agus chuir chun bealaigh agus beirt ina choimhdeacht; san oíche a rinneadar an t‑aistear chun na mná. “Taispeáin dom,” ar sé, “a bhfuil le teacht le cabhair spioraid; tabhair aníos chugam an té a ainmneoidh mé duit.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí