Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 9:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Ach nuair a chonaic Forann go raibh an bháisteach agus an clochshneachta agus an toirneach thart, pheacaigh sé arís, chruaigh sé a chroí, é féin agus a shearbhóntaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Agus a nuáir do chonnairc Phárao gur scuir a nfearthuinn, an chloichshneachda, agus an tóirneach, do pheacuidh sé tuilleamh fós, agus do cruadhuigh a chroidhe, é féin agus a sherbhísigh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 9:34
11 Tagairtí Cros  

Ina chruachas dó, d'éirigh sé níos mídhísle fós, an rí Áchaz:


Níor umhlaigh sé i láthair an Tiarna, mar a d'umhlaigh Manaise a athair, ach bá é an tÁmón céanna seo a chuir chomh mór sin le ciontacht [Iúdá].


Rinne sé ceannairc freisin in aghaidh an rí Nabúcadnazar dár chaith sé géillsine a mhionnú dar Dia. D'éirigh sé ceanndána stuacach agus dhiúltaigh glan filleadh ar an Tiarna Dia Iosrael.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Nuair a fhillfidh tú ar an Éigipt, féach chuige go ndéanfaidh tú os comhair Fhorainn na miorúiltí go léir a chuir mé ar do chumas; ach cruafaidh mise an croí ann i dtreo nach scaoilfidh sé leis an bpobal.


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Tá croí Fhorainn ina chloch. Diúltaíonn sé ligean don phobal imeacht.


Ach a luaithe a tuigeadh d'Fhorann go raibh cairde faighte aige, chruaigh sé a chroí agus, mar a dúirt an Tiarna, ní thabharfadh sé cluas dóibh.


Amach le Maois dá bhrí sin ó Fhorann agus ón gcathair agus shín sé a lámha i dtreo an Tiarna; chuaigh stad ar an toirneach agus ar an gclochshneachta; níor thit báisteach a thuilleadh ar an talamh.


Cruadh croí Fhorainn dá réir sin agus, faoi mar a dúirt an Tiarna trí bhéal Mhaois, níor lig sé do chlann Iosrael imeacht.


Is é an chúis a spreagtar an duine chun olc a dhéanamh, toisc nach gcuirtear daorbhreith i gcrích go luath ar dhrochbhearta;


Cad ab áil libh ag cruachan bhur gcroí, faoi mar a chruaigh na hÉigiptigh agus Forann a gcroí? Tar éis dó magadh fúthu, nár scaoileadar leis an bpobal agus nár imíodarsan?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí