Eaxodus 8:26 - An Bíobla Naofa 198126 Ach dúirt Maois: “Níor chóir sin a dhéanamh, mar is ainmhithe is diamhasladh leis na hÉigiptigh a mharú a dhéanfaimidne a íobairt don Tiarna ár nDia. Má íobraímid os comhair súile na hÉigipteach ofrálacha is gráin leo, nach ngabhfaidh siad de chlocha orainn? Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Agus a dubhairt Maóisi, Ní hiomchubhuidh an ní sin ré a dhéanamh: óir isé an ní is athúamhar do na Hégiptibh dhéunas sinne iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía: féuch, dá ndéanadh sinne an ní is athuamhar do na Hégiptibh iodhbuirt as coinne a súl, nach géubhaidis do chlochuibh oruinn? Féach an chaibidil |
Nuair a bhí an méid sin déanta tháinig na huachtaráin chugam agus dúirt: “Ní dhearna pobal Iosrael ná na sagairt ná na Léivítigh iad féin a dheighilt ó phobail na dtíortha atá báite i ngráiniúlachtaí - na Canánaigh, na Hitigh, na Pirizigh, na Iabúsaigh, na hAmónaigh, na Móábaigh, na hÉigiptigh agus na hAmóraigh -
Ní smaoiníonn siad orthu féin, níl sé de chiall ná de réasún acu a rá: “An ea nár dhóigh mé a leath ar an tine, nach ndearna mé arán a bhruith ar an ngríosach agus feoil a róstadh le hithe? An bhfuil mé chun rud úrghránna a dhéanamh as an gcuid eile? An bhfuil mé chun sléachtadh i láthair ceap adhmaid?”