Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 5:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Imígí libh dá bhrí sin agus téigí i mbun bhur saothair. Ní bhfaighidh sibh tuí ar bith, ach caithfidh sibh an líon céanna brící a chur ar fáil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Imthighidh a nois uime sin, agus déanuidh sáothar; óir ní tiubharthar tuighe ar bith dhaóibh, agus gídheadh do bhéurthaoi uáibh uibhir na mbríceadh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 5:18
6 Tagairtí Cros  

Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”


“Díomhaointeas agus a thuilleadh den díomhaointeas atá oraibh,” ar sé. “Uime sin a deir sibh: ‘Téanaigí agus déanaimis íobairt don Tiarna.’


Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.”


Ina theannta sin chonaic mé an t‑ansmacht go léir a dhéantar abhus faoi luí na gréine: mar shampla, deora lucht fulaingthe an ansmachta agus gan aon duine ann chun iad a shólású, agus an chumhacht i lámha na ndaoine a imríonn ansmacht orthu agus gan aon duine ann chun fortacht a thabhairt dóibh.


Ach de bhrí gur imir an t‑athair éagóir, gur chreach sé a dheartháir agus nach ndearna gar riamh i measc a mhuintire, éagfaidh sé cinnte de bharr a oilc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí