Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 4:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 San aistear dó tháinig an Tiarna an treo chuige mar a raibh sé ag cur faoi ar feadh na hoíche agus thug sé iarracht ar é a mharú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus tárla ar an tslighe san tigh ósta, gur chas an TIGHEARNA air, agus gur íarr a mhárbhadh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:24
8 Tagairtí Cros  

An fireannach gan timpeallghearradh, nár gearradh a fhorchraiceann timpeall, gearrfar amach óna phobal é; bhris sé mo Chonradh.”


Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.


Ar an mbothar dó bhuail leon leis sa tslí agus mharaigh sé é. Fágadh a chorp sínte faon ar an mbóthar; d'fhan an t‑asal ina sheasamh ansiúd taobh leis, agus d'fhan an leon ina sheasamh ag an gcorp chomh maith.


D'ardaigh Dáiví a shúile agus chonaic sé aingeal an Tiarna ina sheasamh idir neamh agus talamh, agus claíomh nocht ina láimh aige sínte amach i dtreo Iarúsailéim. Ansin Dáiví agus na seanóirí, agus iad gléasta in éadach róin, thit siad ar a mbéal agus ar a bhfiacla.


Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’


Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.


Dúirt Maois le hÁrón: “Sé seo a bhí i gceist ag an Tiarna á rá: ‘Taispeánfaidh mé mo naofacht i measc a bhfuil i ngar dom, Agus don phobal go léir foilseofar mo ghlóir.’ ” Níor fhan focal ag Árón.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí