Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 39:43 - An Bíobla Naofa 1981

43 D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Agus do fhéuch Maóise ar an obair uile, agus, féuch, do rinneadar í, mar do aithin an TIGHEARNA; is mar sin do rinneadar í, agus do bheannuigh Maóise íad.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 39:43
24 Tagairtí Cros  

Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith. Ba shin an séú lá, an nóin agus an mhaidin.


Chuir sé a bheannacht air á rá: “Bíodh beannacht ar Abrám ó Dhia ró-ard, cruthaitheoir neimhe agus talún.


Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví bheannaigh sé an pobal in ainm Tiarna na Slua.


San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.


Is ea go deimhin, tá áit chónaithe tógtha agam duit, Áit duit chun cónaí ann go brách.”


Nuair a bhí an achainí agus an urnaí seo go léir curtha ag Solamh i láthair an Tiarna, d'éirigh sé dá ghlúine mar a raibh sé lena lámha sínte suas amach chun na bhflaitheas aige os comhair altóir an Tiarna,


Nuair a bhí deireadh na n‑íobairtí dóite agus na n‑íobairtí comaoineach ofráilte ag Dáiví, bheannaigh sé an pobal in ainm an Tiarna.


D'éirigh na sagairt agus na Léivítigh ina seasamh ansin agus bheannaíodar an pobal. Éisteadh lena nglór agus chuaigh a n‑urnaí suas chun a áitribh naofa ar neamh.


Ansin chas an rí timpeall agus chuir a bheannacht ar chomhthionól Iosrael go léir, agus comhthionól Iosrael go léir ina seasamh.


Chuir an pobal a mbeannacht ar gach duine a bhí toiltineach cur faoi in Iarúsailéim.


Go maire glóir an Tiarna go brách! go raibh lúcháir ar an Tiarna faoina ndearna sé!


Is mó is so-mhianaithe iad ná ór, ná mínór dá ghlaine; agus is milse iad ná mil, ná mil ar sileadh ón gcíor.


D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.


Ag déanamh an taibearnacail agus a throscáin go léir daoibh, ní foláir daoibh é a dhéanamh de réir an phatrúin a thaispeánfaidh mé duit. ”


Bhí an obair go léir déanta ag clann Iosrael sa tslánchruinne faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Labhair an Tiarna le Maois:


agus chóirigh na lampaí i láthair an Tiarna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.


D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.


Bíodh sé seo ina dhlí síoraí agaibh: uair sa bhliain ní foláir gnás an leorghnímh a chomhlíonadh thar ceann chlann Iosrael ar son a bpeacaí go léir.” Rinneadh mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.


Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí