Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 39:42 - An Bíobla Naofa 1981

42 Bhí an obair go léir déanta ag clann Iosrael sa tslánchruinne faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

42 Do réir a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, is mar sin do rinneadar clann Israel a nobair uile.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 39:42
15 Tagairtí Cros  

San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.


Níor chlaonadar in aon slí óna raibh ordaithe ag an rí do na sagairt agus do na Léivítigh, fiú, maidir le gnó na gcistí.


D'imigh clann Iosrael ansin agus rinneadar amhlaidh; de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus d'Árón is ea a rinneadar.


Gach fear agaibh ina bhfuil éirim, tagadh sé agus déanadh gach ar ordaigh an Tiarna:


Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.


na heidí dea-dhéanta don tseirbhís san áit naofa, na héidí naofa d'Árón an sagart agus na héidí dá mhic le fónamh mar shagairt.


D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.


D'imigh mé mar sin agus d'fholaigh mé ag an Eofrataes é mar a d'ordaigh an Tiarna dom.


Ar uaire luíodh sé ar feadh dhá lá, nó mí, nó níos faide; dá fhad a d'fhanadh an néal os cionn an taibearnacail, d'fhanadh clann Iosrael sa champa san áit chéanna agus nuair a d'ardaíodh sé chuiridís chun siúil.


ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”


A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.


Déan do dhícheall bheith diongbháilte i bhfianaise Dé mar oibrí nach náir dó a shaothar agus mar riarthóir ionraic ar bhriathar na fírinne.


Tá an comhrac maith tugtha agam, tá mo rás rite, tá an creideamh coinnithe agam.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí