Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 36:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 agus ghlacadar ó Mhaois gach ofráil lantola dá dtug clann Iosrael le haghaidh obair an tsanctóra a dhéanamh; uime sin de bhrí gur leanadar sin orthu gach maidin ag tabhairt a n‑ofrálacha lántola,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do ghlacadar ó Mhaóise a nuile ofrail, noch thugadar clann Israel leó chum oibre sherbhíse na sanctóra, do dhéanamh leis sin. Agus tugadar chuige fós ofrála dhá ttoil gach maidin.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 36:3
11 Tagairtí Cros  

Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin peacaigh na tíre; agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna lucht déanta an oilc.


Claon chun glór mo ghuí, a Rí liom is a Dhia!


agus thug na ceannairí clocha oinisce agus seoda le luí san éafód agus sa lúireach,


na fir agus na mná go léir a raibh sé de chroí acu rud éigin a thabhairt don obair a d'ordaigh an Tiarna trí Mhaois a dhéanamh, thugadar - clann Iosrael - é mar ofráil don Tiarna le lántoil.


Ghlaoigh Maois ar Bhazalael agus ar Ohoilíáb agus ar gach duine éirimiúil dár chuir an Tiarna éirim ina aigne, agus ar gach duine a raibh sé de phreab ina chroí, teacht agus an obair a dhéanamh;


na ceardaithe oilte a bhí i mbun gach sórt oibre ar an sanctóir, d'fhágadar, gach fear a chúram féin,


Is tríomsa a rialaíonn ríthe, agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.


Thug an Tiarna Dia dom teanga an aos léinn. Chun go mbeinn i riocht fóirithint ar an té atá traochta spreagann sé briathar ionam. Maidin in aghaidh na maidine cuireann sé cluas orm chun go n‑éiste mé ar nós an aos léinn.


rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.


ofrálaigí íobairt bhuíochais le laibhín, foilsígí os ard na híobairtí deonacha, mar is é sin a thaitníonn libh, a chlann Iosrael, a deir an Tiarna Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí