Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 34:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Tháinig an Tiarna anuas i bhfoirm néil, agus sheas Maois ansiúd in éineacht leis. Glaoigh sé ar ainm an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus tháinic an TIGHEARNA a núas annsa néull, agus do sheas na fhochair (annsin,) agus do fhúagair ainm an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 34:5
16 Tagairtí Cros  

i dtreo go gcluinfeadh sé osnaí na mbraighdeanach; agus go saorfadh sé a ndaoradh chun báis” -


Bhí Sliabh Shíonái go léir faoi bhrat deataigh mar thuirling an Tiarna air i riocht tine, agus bhí an deatach ag éirí uaidh mar a dhéanfadh ó fhoirnéis agus chrith an sliabh ar fad go borb.


Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, táim ag dul síos chugat i scamall tiubh i dtreo go gcloisfeadh an pobal mé ag labhairt leat agus go mbeadh iontaoibh acu asat go deo” (agus thug Maois freagra an phobail ar ais chun an Tiarna).


Tabhair aird air agus éist lena ndeir sé. Ná bí easumhal dó mar ní mhaithfeadh sé a leithéid de locht, óir tá m'ainm ann.


Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.


Nuair a théadh Maois isteach sa Bhoth, thagadh an colún néil anuas agus sheasadh ag doras na Botha, agus labhraíodh an Tiarna le Maois.


Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.


Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!


Tiocfaidh mé anuas chun labhairt leat ansiúd agus tógfaidh mé cuid den spiorad atá ortsa agus cuirfidh mé orthu siúd é. Iompróidh siad mar sin cuid d'ualach na muintire seo in éineacht leat agus ní bheidh ort é a iompar leat féin amháin a thuilleadh.


Ansin tháinig an Tiarna anuas sa néal agus labhair leis agus thóg de cuid den spiorad a bhí air agus chuir ar an seachtó seanóir é. Nuair a luigh an spiorad orthu rinneadar fáidheoireacht, ach ní dhearnadar sin arís.


agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh.


I bhfad uait anois é, impím ort. Taispeáin do chumhacht anois de réir na mbriathra a labhair tú:


Óir fógróidh mé ainm an Tiarna. Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé!


D'inis Samúéil gach ní dó ansin, gan aon ní a choimeád ar gcúl uaidh. Dúirt Éilí: “Eisean an Tiarna; déanadh sé mar is áil leis.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí