Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 33:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus rug Maoise ar an tabernacuil, agus do shuighidh táobh a muigh don champa é, a bhfad ón champa, agus do ghoir tabernacuil an chomhchruinnigh dhe. Agus tárla, gach áon da níarradh an TIGHEARNA, go ttigeadh amach go tabernacuil an chomhchruinnigh, noch do bhí táobh a muigh don champa.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 33:7
17 Tagairtí Cros  

Bhí gorta ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile le linn Dháiví. Chuaigh Dáiví a lorg comhairle ar an Tiarna agus dúirt an Tiarna: “Tá ciontacht fola ar Shól agus ar a theaghlach mar gur mharaigh sé na Gibeónaigh.”


Cad fáth a gcoinníonn tú amach uainn, a Thiarna? Cad fáth a ngabhann tú i bhfolach in am an bhuairimh?


Dúirt mo chroí i do thaobhsa: “Bí ag lorg a ghnúise.” Bím ag lorg do ghnúise, a Thiarna,


Chonaic tusa é, a Thiarna; ná bí i do thost; ná bí i bhfad uaim, a Thiarna!


Ansin d'ofráil Iatró athair céile Mhaois íobairt loiscthe agus ofrálacha do Dhia agus tháinig Árón agus seanóirí Iosrael go léir chun an béile a chaitheamh i gcuideachta athair céile Mhaois os comhair Dé.


Amach le Maois in airicis athair a chéile agus shléacht sé dó agus phóg é; tar éis dóibh tuairisc sláinte a chéile a chur, chuadar isteach sa bhoth.


Ó Shliabh Horaeb ar aghaidh dá bhrí sin, chuir clann Iosrael uathu a n‑ornáidí.


Cibé uair a théadh Maois amach chun na Botha, d'éiríodh an pobal go léir, agus sheasadh gach fear ag béal a bhotha agus a shúile ar Mhaois go dtí go sroicheadh sé an Bhoth.


Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.


Ach is iad bhur gcionta atá ina nduibheagán idir sibh agus bhur nDia. Thug bhur bpeacaí air a aghaidh a chlúdach ionas nach gcloiseann sé sibh.


Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!


Ach lorgóidh tú an Tiarna do Dhia ón áit sin, agus má lorgaíonn tú é ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, gheobhaidh tú é.


mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí