Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 28:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Glacfaidh tú chugat dhá chloch oinisce agus déanfaidh tú ainmneacha chlann Iosrael a ghreanadh orthu;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus glacfa tú dhá chloich Onix, agus grabháil anmanna chloinne Israel orra:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 28:9
16 Tagairtí Cros  

Is maith é ór na tíre sin, agus tá bdellium ann agus óinix.


Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar.


Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.


Ní féidir luach a chur uirthi de réir ór Óifír, Ná de réir oinisce ná saifíre lómhaire.


agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.


sé ainmneacha acu ar chloch díobh agus na sé ainmneacha eile ar an gcloch eile, de réir ord a mbreithe.


beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Beidh siad go léir ar leaba d'fhiolagrán óir.


“Déanfaidh tú lann d'ór fíre agus ‘Naofa don Tiarna’ a ghreanadh uirthi mar a ghreanfaí ar shéala.


Agus an crios fite air a bheidh á choimeád, beidh sé den déantus céanna, d'ór, d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach cas mín.


i gcomhair seoda a ghearradh dá leaba, adhmad a shnoí, agus gach saghas saothar ceirde.


beiril, oinisc agus seaspar sa cheathrú sraith. Bhíodar go léir luite ar leaba d'fhiolagrán óir.


Dhearadar clocha oinisce agus luíodar iad i leapacha de fhiolagráin óir agus ghreanadar orthu, mar a dhéanfaí ar shéala, ainmneacha chlann Iosrael.


Cuir mar shéala ar do bhrollach mé, mar fháinne ar do láimh. Óir ní láidre an bás ná an grá, ní doichte an tÉad na Tír an Bháis. Is tine dhóite é, sárlasair.


Féach, tá tú greanta ar bhosa mo lámh agam, is gnách do bhallaí os comhair mo shúl.


bhí tú in Éidin, i ngairdín Dé. Bhí gach sort seoide i ndéantús do chloca, sard, tópas, diamant, criosailít, beiril, oinisc, saifír, carmhogal, smaragaid; ba as ór a rinneadh do thiompáin agus do phíbeanna. Gléasadh an t‑iomlán an lá ar cruthaíodh thú.


An lá sin, sábhálfaidh an Tiarna, a nDia, iad, a phobal féin, mar thréad caorach. Óir beidh siad ag drithliú ar a thalamh amhail seoda corónach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí