Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 28:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 “Déanfaidh siad an t‑éafód d'ór agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag agus de línéadach mín cas fite le barr slachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do dhéanuid an téphod dór, do ghorm, do phurpair, agus do scarláoid, agus do línéadach fhínealta chasda, maille re hobair ghlic.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 28:6
11 Tagairtí Cros  

agus ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus línéadach mín cas, agus fionnadh gabhair,


agus clocha oinisce agus geamaí le cur san éafód agus sa lúireach.


“Déanfaidh tú an taibearnacal féin de dheich mbrat de línéadach cas mín, agus d'ábhar gorm agus corcra agus craorag, agus ceiribíní fuaite le barr slachta ar an ábhar á dhéanamh.


Beidh dhá ghuailleán ceangailte dá dhá imeall á choimeád le chéile.


Glacfaidh tú na héidí agus gléasfaidh tú Árón san ionar, agus i bhfallaing an éafód, agus sa lúireach; agus fillfidh tú uime crios fite an éafód.


Mar ar feadh mórán laethanta fágfar clann Iosrael gan rí, gan flaith, gan íobairt, gan liagán, gan éafód, gan íola tí.


Chuir sé an t‑ionar air, chuir an crios faoina choim, chuir an fhallaing uime agus chuir an t‑éafód air.


Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.


Nuair a theith Aibíátár mac Aichímeilic go dtí Dáiví, tháinig sé síos go Ceíleá agus éafód ina ghlac.


Dúirt Dáiví le hAibíátár mac Aichímeilic an sagart: “Tabhair chugam an t‑éafód”; agus thug Aibíátár an t‑éafód go Dáiví.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí