Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 21:18 - An Bíobla Naofa 1981

18 Má bhíonn aighneas idir daoine agus go mbuaileann fear fear eile le cloch nó lena dhorn, agus nach bhfaigheann an fear sin bás, ach go dtugann sé an leaba air féin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

18 Agus má imreasnuid daoine ré chéile, agus go mbuáilfidh áon an fear eile, do chloich, nó do dhorn, agus nach bhfuighe bás, ach go gcuimhdeochuidh a leabuidh:

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 21:18
8 Tagairtí Cros  

Bhí beirt mhac ag d'ionailt, agus d'éirigh eatarthu amuigh sa ghort gan fear a n‑idirghabhála ann. Bhuail duine díobh an duine eile agus mharaigh é.


Tháinig sé ar ais lá arna mhárach agus b'sheo beirt Eabhrach ag troid le chéile. Dúirt sé leis an té a bhí san éagóir: “Cén fáth gur bhuail tú do chomhthíreach?”


An té a chuireann mallacht ar a athair nó ar a mháthair, ní foláir é a chur chun báis.


rachaidh an té a bhuail é saor má éiríonn [an fear leonta] arís agus go siúlann sé fiú lena bhata. Ní foláir dó an t‑am a chuaigh amú air a chúiteamh leis agus a bheith ina chúram go mbíonn sé slán folláin.


Má bhuaileann fear a dhaor nó a dhaoirseach, agus go bhfaigheann an duine bás faoina láimh, caithfidh sé an éiric a dhíol.


Má leonann lucht imris bean throm agus go scarann sí lena gin, ach nach mbíonn deasca uirthi, díoladh an ciontach an éiric a éileoidh a céile; díoladh sé ar bhreith na mbreithiúna.


“Má bhíonn beirt fhear ag troid agus go gcuireann bean duine díobh a ladar sa troid d'fhonn a fear a fhuascailt ó bhuillí an duine eile agus go síneann sí amach a lámh agus breith laistíos ar an duine eile,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí