Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 16:34 - An Bíobla Naofa 1981

34 Rinne Árón mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus chuir sé os comhair na Fianaise é le coimeád.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

34 Fá mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, mair sin do chuir Aáron súas é as coinne na fíadhnuise, dá chumhdach.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 16:34
13 Tagairtí Cros  

Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.


Cuirfidh tú isteach san áirc an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.


Cuirfidh tú cathaoir na trocaire ar bharr na háirce, agus isteach san áirc cuirfidh tú an Fhianaise a thabharfaidh mé duit.


Beidh Árón is a chlann mhac ina fheighil ó nóin go maidin gan stad, i láthair an Tiarna i dTaibearnacal na Teagmhála taobh amuigh den fhial atá os comhair na Fianaise. Beidh sin ina reacht le coimeád ó ghlúin go glúin ag clann Iosrael.”


Meil cuid di go mín mín agus cuir cuid di seo os comhair na Fianaise i mBoth na Teagmhala, mar a dteagmhóidh mé leat; beidh sí sárnaofa agaibh.


Cuirfidh tú an altóir suas os comhair an fhéil atá roimh áirc na Fianaise, ar aghaidh chathaoir na trócaire atá os cionn na Fianaise, san áit ina dteagmhóidh mé leat.


Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.


Seo cur síos ar na miotail a úsáideadh don taibearnacal - Taibearnacal na Fianaise - cur síos a rinneadh ar ordú Maois, agus a rinneadh ag na Léivítigh faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.


Ghlac sé chuige an Fhianaise agus chuir san áirc í, chuir sé na cuaillí leis an áirc agus chuir cathaoir na trócaire ina luí ar an áirc;


Cuir na Léivítigh i mbun taibearnacal na Fianaise chun aire a thabhairt dá ghréithe agus do gach a mbaineann leis. Déanaidís an taibearnacal agus a ghréithe go léir a iompar, agus fónamh dó, agus a gcampa a chur suas ina thimpeall.


Ach déanadh na Léivítigh a mbothanna a chur suas timpeall taibearnacal na Fianaise, i dtreo nach dtitfidh fraoch na feirge ar chomhthionól uile chlann Iosrael. Bíodh na Léivítigh i bhfeighil thaibearnacal na Fianaise.”


Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”


D'fhill mé ansin agus anuas liom ón sliabh agus chuir mé na cláir san áirc a bhí déanta agam, agus is ansiúd dóibh fós faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí