Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 13:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Thug Maois cnámha Iósaef leis mar gur chuir seisean clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Déanfaidh Dia sibh a fhiosrú, déanfaidh sin; agus ansin ní foláir daoibh mo chnámha a bhreith ón áit seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus rug Maóisi cnámha Ióseph leis: óir tug sé mionna ar chloinn Israel ag radh, Tiucfa Día go deimhin dá bhur bhfiosrughadh; agus béurtháoi mo chnámhasa as so libh.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 13:19
9 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Iosrael le Iósaef: “Féach, táim ar tí bás a fháil! Ach beidh Dia libhse agus tabharfaidh sé ar ais go tír bhur sinsear sibh.


Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.


Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.


Agus ghabh uamhan cách, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, ag rá: “Tá fáidh mór éirithe inar measc”; agus: “Rinne Dia a phobal a fhiosrú.”


Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.


Aistríodh a gcoirp go Seicim, áfach, agus cuireadh iad sa tuama úd a bhí ceannaithe ann ag Abrahám ar shuim airgid ó chlann Eamór i Seicim.


Trí chreideamh labhair Iósaef, agus é i ndeireadh a shaoil, i dtaobh imeacht chlann Iosrael ón Éigipt agus d ordaigh sé dóibh cad ba cheart dóibh a dhéanamh lena chnámha féin.


Cnámha Iósaef a thug clann Iosrael aneas ón Éigipt leo, adhlacadh iad i Seicim, sa phaiste talún a cheannaigh Iacób ó chlann Hamór, athair Sheicim, ar chéad píosa airgid; rinne oidhreacht de chuid chlann Iósaef de.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí