Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 12:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Nuair a shroichfidh sibh an tír atá ag an Tiarna á thabhairt daoibh, mar a gheall sé, ní foláir daoibh an searmanas seo a chomhlíonadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus teigeomhuidh, a nuáir thiucfuidhe ann sa dúthaigh bhéuras an TIGHEARNA dhíbh, do réir mar do gheall sé, go ccuimhdeochtháoi an tserbhíse.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 12:25
11 Tagairtí Cros  

Coimeádfaidh sibh an searmanas seo mar reacht daoibh féin agus do bhur gclann go brach.


Agus nuair a chuirfidh bhur gclann an cheist chugaibh: ‘Cad is ciall leis an searmanas seo agaibh?’


Comhlíon an reacht seo gach bliain dá bhrí sin ag an am atá beartaithe dó. ”


Dá bhrí sin, nuair a thabharfaidh an Tiarna isteach tú i dtír na gCanánach, agus na Hiteach, agus na nAmórach, agus na Hiveach, agus na Iabúsach, an tír a mhionnaigh sé a thabharfadh sé do d'aithreacha, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, bíodh an tseirbhís seo agat an mhí seo.


agus chinn mé sibh a thabhairt amach as cruatan na hÉigipte agus isteach i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.’


Tháinig mé anuas chun iad a fhuascailt as lámha na nÉigipteach agus chun iad a sheoladh as an tír sin isteach i dtír mhéith fhairsing, i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, i dtír na gCanánach agus na Hiteach, na nAmórach agus na bPirizeach, na Hiveach agus na Iabúsach.


Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí