Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 12:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Beidh an fhuil ina comhartha agaibh ar na tithe ina bhfuil sibh. Nuair a fheicfidh mé an fhuil gabhfaidh mé tharaibh agus ní thitfidh aon phlá oraibh do bhur scrios nuair a bhuailfidh mé talamh na hÉigipte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus biaidh a nfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a mbeithí: agus a nuáir do chífe misi a nfuil, racha mé thoruibh, agus ní bhía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, a nuáir bhuáilfeas mé críoch na Hégipte.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 12:13
10 Tagairtí Cros  

déanaigí feoil bhur bhforchraicinn a thimpeallghearradh agus is é sin a bheidh ina chomhartha don Chonradh atá eadrainn.


Seo mar a bheidh sibh agus sibh á ithe: crios faoi bhur gcoim, agus cuaráin ar bhur gcosa, agus bata in bhur láimh. Ithigí é faoi dheifir. Is Cáisc in onóir an Tiarna é.


Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d'fhonn bhur mbásaithe.


Ansin tógfaidh siad cuid den fhuil agus cuirfidh siad í ar dhá ursain agus ar fhardoras na dtithe ina mbíonn sé á ithe acu.


Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”


agus chun feitheamh lena Mhac Íosa a theacht ó na flaithis - an Mac a thóg sé ó mhairbh agus atá dár bhfuascailt ón bhfearg atá le teacht.


Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.


Anois dá bhrí sin, tugaigí an leabhar dom dar an Tiarna, ós rud é go raibh mise dílis cineálta libhse go mbeidh sibhse leis dílis cineálta le líon tí m'athar agus tugaigí geall cinnte dom,


Féach nuair thiocfaimidne isteach sa tír déansa an coirdín craorag seo a cheangal den fhuinneog ónar scaoil tú anuas sinn; ní foláir duit d'athair agus do mháthair agus muintir d'athar ar fad a thabhairt leat isteach i do theach.


Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí