Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 8:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, san fhíorbhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus ina cheiliúraí cráifeachta sa sanctóir agus sa phailliún sin na fírinne nár tógadh le lámha daoine ach le láimh Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 do‐ghní friotháileamh san tsanctóir agus san bhfíor‐thabernacal, nár dhaoine, acht gurbh é an Tighearna do shuidhigh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Atá na mhinisdir sna hionaduibh náómhtha, agus don tabearnacail fhirinnigh úd, noch do shúighidh an Tighearna, agus ní duine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 mar a bhfuil sé ag freastal mar shagart sa sanctóir, is é sin, sa bhfíor-bhoth nach duine a thóg í ach an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 8:2
15 Tagairtí Cros  

Ag déanamh an taibearnacail agus a throscáin go léir daoibh, ní foláir daoibh é a dhéanamh de réir an phatrúin a thaispeánfaidh mé duit. ”


“Glac chugat de chlann Iosrael do dhearthair Árón agus a chlann mhac le bheith ina sagairt i mo sheirbhís - Árón agus a chlann mhac: Nádáb, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár.


Caithfidh Árón í nuair a dhéanfaidh sé seirbhís agus cloisfear a glór nuair a rachaidh sé isteach san áit naofa i láthair an Tiarna, agus nuair a thiocfaidh sé amach, á chosaint ón mbás.”


Bheireadh Maois an Bhoth leis agus chuireadh sé suas í taobh amuigh den champa, tamall maith ón gcampa. Thug sé Both na Teagmhála uirthi. An té a chaitheadh comhairle an Tiarna a fháil, théadh sé amach go Both na Teagmhála, lasmuigh den champa.


Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”


Is é atáim a rá gur ar son fírinne Dé a tháinig Críost ag freastal ar lucht an timpeallghearrtha chun na gealltanais a tugadh do na patrarcaí a dhaingniú


Tá a fhios againn nuair a leagtar ar lár an bhoth seo ina gcónaímid ar talamh, go bhfuil áitreabh le fáil ó Dhia againn sna flaithis, teach cónaithe síoraí nár tógadh le lámha daoine.


Is ann freisin a timpeallghearradh sibhse ach ní leis an timpeallghearradh a rinneadh le láimh an duine é ach le timpeallghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.


Téann gach sagart i mbun a chúraimí liotúirgeacha lá i ndiaidh lae. Ofrálann siad na híobairtí céanna go minic ach ní féidir leo sin peacaí a chur ar ceal.


Tá ardsagart againn, freisin, a bhfuil Teach Dé faoina chúram anois.


Óir bhí sé ag súil leis an gcathair a bhfuil bunsraith bhuan aici, arb é Dia a hailtire agus a tógálaí.


Ar ndóigh, leag an chéad chonradh rialacha síos don liotúirge agus bhí sanctóir ann freisin, ceann de dhéantús daonna.


Agus chuala mé guth tréan ón ríchathaoir á rá: “Féach, tá áitreabh Dé fara daoine, agus cónóidh sé ina measc, agus beidh siad ina bpobal aige, agus beidh Dia féin faru.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí