Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 5:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní amháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Dá bhrí sin tá sé de dhualgas air íobairt a dhéanamh ar son a chuid peacaí féin maraon le híobairt ar son peaca an phobail.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Ar an adhbhar sin atá d’fhiachaibh air íodhbairt do dhéanamh i n‐éiric na bpeacadh, ní h‐é amháin ar son an phobail, acht ar a shon féin, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus dá bhrígh so atá dfiachuibh air, iodhbairt do dhéunamh ar son na bpeacadh, ar son an phubail, agus ar a shon féín mar an gcéudna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní hamháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 5:3
10 Tagairtí Cros  

“Ansin maraíodh sé an pocán d'íobairt pheaca an phobail, agus tugadh sé a fhuil thar fial isteach. Déanadh sé dála fhuil an tairbh leis an bhfuil seo, agus croitheadh sé í ar chathaoir na trócaire agus os comhair na cathaoireach sin.


Ofráladh Árón an tarbh mar íobairt pheaca ar a shon féin agus ceiliúradh sé gnás an leorghnímh ar a shon féin agus ar son a theaghlaigh.


Ansin dúirt Maois le hÁrón: “Téigh chun na haltóra agus ofráil d'íobairt pheaca, agus d'íobairt uileloiscthe agus ceiliúir ar an gcuma sin gnás an leorghnímh duit féin agus do do mhuintir. Ansin tabhair ofráil an phobail agus ceiliúir an gnás leorghnímh dóibh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna.”


Thug mé daoibh mar chéad nithe an teagasc a bhí faighte agam féin: go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí, de réir na scrioptúr;


Níor ofráil Críost ach an t‑aon íobairt shíoraí amháin ar son peacaí. Ansin chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé


sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric peacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a d'ofráil sé é féin.


Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí