Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 5:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 éadann sé bheith min cneasta le daoine aineolacha atá ar seachrán slí, ó bíonn an laige ar gach taobh de.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus is fear é, gur féidir leis gan bheith ro‐dhian ar na daoinibh théigheas amudha tré aineolas, de chionn nach bhfuil sé féin gan a chion féin de’n laige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Noch agá bhfuil cumas lórthrúaighe do bheith aige don druing atá ainbhfiosach, agus ar seachrán; do bhrígh go dtimchiollthar é féin mar an gcéudna déugcrúas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 5:2
24 Tagairtí Cros  

Is luath atá siad imithe i leataobh ón mbealach a d'ordaigh mé dóibh; rinneadar lao de mhiotal leáite dóibh féin agus d'adhradar é agus rinneadar íobairt dó, agus liúdar: ‘Seo é do dhia, a Iosrael, a thug thú amach as tír na hÉigipte.’ ”


Tiocfaidh lucht an mhearbhall intinne chun tuisceana, agus rachaidh lucht manráin le foghlaim.”


fágaigí an bealach, casaigí i leataobh ón tslí; as ár radharc leis mar Neach Naofa Iosrael.”


ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”


Más éigean dom maíomh a dhéanamh, is as mo laigí féin a mhaífidh mé.


Is as an duine sin a dhéanfaidh mé mórtas ach mórtas ar bith ní dhéanfaidh mé asam féin ach amháin as mo laigí.


Tá a fhios agaibh gurb easláinte choirp faoi deara dom an dea-scéal a fhógairt daoibh don chéad uair;


a bhfuil scamall ar a n‑aigne, agus iad dealaithe amach ó bheatha Dé de dheasca a gcuid aineolais agus chruas a gcroí.


cé go mbínn á mhaslú agus á ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus díchreidimh a rinne mé amhlaidh.


agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.


Mar sin de, níorbh fholáir dó bheith cosúil lena bhráithre i ngach slí ionas go mbeadh sé ina ardsagart trócaireach dílis i seirbhís Dé a dhéanfadh cúiteamh leis i bpeacaí an phobail.


Agus anois ós rud é gur fhulaing sé féin nuair a cuireadh cathú air is féidir leis cabhrú leo siúd a gcuirtear cathú orthu.


Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.


Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ardsagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo.


Ní théann aon duine isteach sa dara both ach amháin an t‑ardsagart agus sin aon uair amháin sa bhliain. Tógann sé fuil isteach leis lena hofráil ar a shon féin agus in éiric na bpeacaí a rinne an pobal le corp aineolais.


A bhráithre liom, má théann duine agaibh ar seachrán ón bhfírinne agus duine eile á thabhairt ar ais


Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n‑anama.


Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí