Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 10:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n‑ofráltar na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Ní bhíonn ag an dlí ach scáil na maitheasaí atá le bheith ann, níl dealbh féin na nithe seo aige. Ní fhéadann sé mar sin leis na híobairtí a ofráiltear ó bhliain go chéile na daoine seo a thiocfas chucu a chur i gcrích.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Óir an dlighe, ag a bhfuil scáil na n‐aoibhneas atá le teacht, ní h‐í íomháigh fhíor na neithe féin, ní fhéadann sé na daoine thig i bhfogas d’fhoirbhiú leis na h‐íodhbarthaibh ofráltar de ghnáth ó bhliadhain go bliadhain.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Oir ar mbeith do sgáile na neitheann maith do bhí chum teachda ag an reachd, agus ní dealbh fíre na neitheann féin, ní féidir leis choidhche na druinge thig chuige do náomhadh ris na hiodhbarthuibhsin bhíd fhóráil do ghnáth gacha blíadhna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Scáil éideimhin de na maitheasaí atá le teacht is ea an dlí; ní íomhá fhírinneach í, áfach, de na nithe neamhaí. Mar sin de, bíodh go n-ofráiltear na híobairtí céanna bliain i ndiaidh bliana, ní féidir leis an dlí an lucht ofrála a shlánú go hiomlán ar aon chor.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 10:1
13 Tagairtí Cros  

Thug sé an íobairt uileloiscthe i láthair ansin agus rinne de réir an ghnáis.


An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn


Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t‑ábhar féin.


Mar sin de, téimis isteach le croí ionraic agus le creideamh iomlán; bíodh ár gcroíthe glan ó gach smál coinsiasa agus ár gcoirp nite le fíoruisce.


Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic.


siúd is nach ndéanann siad freastal ach i sanctóir nach bhfuil ach ina scáil agus ina scáth dá bhfuil ar neamh. Is léir é seo ón ordú seo a leanas a thug Dia do Mhaois nuair a bhí sé ar tí an bhoth a thógáil: “Féach chuige,” ar sé, “go ndéanfaidh tú gach rud de réir an tsampla a taispeánadh duit ar an sliabh.”


Ach tháinig Críost agus é ina ardsagart a bhféadfaí na maitheasaí uile a bhí [tagtha] a fháil tríd. Ghabh sé trí bhoth a bhí níos mó agus níos foirfe ná an seancheann; mar ní raibh sí lámhdhéanta, is é sin le rá, níor den saol seo í.


Dá bhrí sin, má ba ghá macasamhla na nithe neamhaí a ghlanadh le híobairtí den sort seo tá gá le híobairtí atá níos fearr fós chun na nithe neamhaí féin a ghlanadh.


Ach ní théann sé isteach ann chun é féin a ofráil arís agus arís eile faoi mar a théann an t‑ardsagart isteach san Áit Rónaofa bliain i ndiaidh bliana le fuil nach leis féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí