Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 4:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Sea, caithfidh mise bás a fháil sa tír seo gan dul thar an Iordáin anseo; ach rachaidh sibhse anonn agus gabhfaidh sibh seilbh ar an bhfearann fónta úd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Ach caithfidh misi bás dfagháil annsa tirsa, caithfidh me gan dul anonn tar Iordan: ach rachtháoisi anonn, agus sealbhochuidhe an fear ann maithsin.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 4:22
11 Tagairtí Cros  

Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.


Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.


Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m'aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m'ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)


“Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.”


Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.


Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.’


Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.


Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, tá an t‑am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.” Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí