Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 32:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Óir fógróidh mé ainm an Tiarna. Cuirigí in iúl mórgacht ár nDé!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Do chionn go bhfoillseochuidh mé ainm an TIGHEARNA: cuiridhsi mórdhachd a leith ar Ndé.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 32:3
23 Tagairtí Cros  

Ar son do shearbhónta, [an madra seo leat,] rinne tú rud chomh mór sin nuair a d'fhoilsigh tú na nithe móra seo atá le teacht.


Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.


Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.


Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir d'ainm.


Molaigí é as ucht a éachtaí! Molaigí é as ucht a chumhachta ollmhóire!


Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.


Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.


Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’


Níl aon duine cosúil leatsa, a Thiarna; tá tú mór, agus is mór é d'ainm i gcumhacht.


Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


Agus thug mé dóibh, agus tabharfaidh, eolas ar d'ainm, ionas, an grá a thug tú dom, go mbeadh sé iontu seo, agus mise iontu.”


D'fhoilsigh mé d'ainm do na daoine a thug tú dom as an saol; ba leatsa iad, agus thug tú domsa iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.


agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh - an chumhacht éachtach úd


‘A Thiarna Dia,’ arsa mise, ‘níl ach tús déanta agat ag nochtadh do mhórgachta agus do chumhachta do do sheirbhíseach, óir cén dia ar neamh nó ar talamh ar féidir leis éachtaí agus fearta mar do chuidse a dhéanamh?


agus dúirt sibh: ‘Féach, thaispeáin an Tiarna ár nDia a ghlóir dúinn agus a mhórgacht agus chualamar a ghlór ó chroí na tine. Chonaiceamar inniu gur féidir do Dhia, labhairt leis an duine, agus an duine a fhanacht beo.


agus bhí siad ag canadh caintic Mhaois, seirbhíseach Dé, agus caintic an Uain, á rá: “Is éachtach agus is iontach iad d'oibreacha, a Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh. Is cóir agus is fíor do chasáin, a rí na gciníocha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí