Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 27:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 “Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Béid so na seasamh ar shlíabh Gerisim do bheannughadh an phobail, a nuáir rachthaoi tar Iordan anonn; Símeon, agus Lébhi, agus Iúdah, agus Issachar, agus Ióseph, agus Beniamin:

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 27:12
10 Tagairtí Cros  

Dúirt Léá: “Thug Dia mo thuarastal dom mar gur thug mé m'ionailt do m'fhear.” Thug sí Íosácár air dá réir sin.


Thug sí Iósaef mar ainm air, á rá: “Go dtuga an Tiarna mac breise dom.”


Nuair a bhí sí ar an dé deiridh agus í ag fáil bháis, thug sí Mac Mo Dhóláis air, ach thug a athair Biniáimin air.


Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.


Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá:


Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí.


Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí