Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 20:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus cia hé an duine thug gealladh dho mhnaoi, agus nach ttug chuige í? imthigheadh sé, agus filleadh dhá thigh, deagla go ttuitfeadh san chath, agus go mbéaradh fear oile leis í.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 20:7
7 Tagairtí Cros  

Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.


An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.


“Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.


Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí.


Aon saighdiúir a bhíonn ar fiannas, ní bhíonn sé sáite i ngnóthaí an tsaoil, d'fhonn an té lenar liostáil sé a shásamh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí