Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Deotranaimí 20:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 An bhfuil aon duine anseo a bhfuil fíonghort plandáilte aige, ach gan sásamh bainte fós aige as a thoradh? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhainfeadh sásamh as a thoradh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus cía hé an duine do chuir fineamhuin, agus nach duáigh dá thoradh? imthigheadh seision mar an gcéadna agus filleadh dha thigh, deagla go muirfidh é san chath, agus go níosadh duine eile dhi.

Féach an chaibidil Cóip




Deotranaimí 20:6
8 Tagairtí Cros  

Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh.


Plandóidh tú fós fíonghoirt ar shléibhte na Samáire (tá an phlandáil déanta ag lucht plandála; cnuasfaidh siad na torthaí).


Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.”


Cé a théann riamh ag saighdiúireacht ar a chostas féin? Cé a chuireann fíonghort ach nach n‑itheann cuid dá thoradh? Nó cén t‑aoire a dhéanann aoireacht ach nach n‑ólann bainne a thréada féin?


“Ansin labhraíodh na scríobhaithe leis an bpobal mar leanas: ‘An bhfuil aon duine anseo a bhfuil teach nua tógtha aige ach gan é tíolactha fós? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a dhéanfadh é a thíolacadh.


An bhfuil aon duine anseo geallta le bean ach gan í tugtha leis aige? Abhaile leis ar eagla go bhfaigheadh sé bás sa chath agus gur fear eile a bhéarfadh leis í.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí